Stair Theaghlaigh:
Tá faisnéis in Acmhainn Chartlainne na hÉireann ar thaifid i gcartlanna na hÉireann a d’fhéadfadh a bheith ina gcabhair do thaighdeoirí teaghlaigh agus do ghinealeolaithe. Trí úsáid a bhaint as téarmaí eochairfhocail chun cuardach a dhéanamh, is féidir le húsáideoirí faisnéis ar bhailiúcháin chartlainne a bhaineann le daoine, áiteanna, eagraíochtaí nó tréimhsí sonracha ama a aimsiú. D’fhéadfadh Acmhainn Chartlainne na hÉireann a bheith oiriúnach do thaighdeoirí teaghlaigh a bhfuil roinnt fíricí faoina stair theaghlaigh aimsithe acu cheana féin.
É sin ráite, má tá tú díreach ag tosú ar thaighde a dhéanamh ar do stair theaghlaigh, molaimid duit teagmháil a dhéanamh le do Sheirbhís áitiúil Cartlainne Cathrach nó Contae nó le do Leabharlann Staidéar Áitiúil chun cabhair a fháil.
Dóibh siúd atá ag tosú ar thaighde, tá an-chuid acmhainní úsáideacha ann freisin ó na dreamanna seo a leanas:
- www.nationalarchives.ie Cuireann Cartlann Náisiúnta na hÉireann seirbhís comhairle ginealais saor in aisce ar fáil ina Seomra Léitheoireachta freisin.
- https://www.nidirect.gov.uk/proni Tá acmhainní ag Oifig na dTaifead Poiblí, Tuaisceart Éireann, i gcomhair taighde ar stair theaghlaigh i dTuaisceart Éireann.
- www.nli.ie Tá neart Acmhainní cabhracha Staire Teaghlaigh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
- irishgenealogy.ie Cuireann Irish Genealogy comhairle chabhrach ar thaighdeoirí staire teaghlaigh, agus soláthraíonn siad naisc le taifid shibhialta agus pharóiste ar líne freisin.
Cé a Oibríonn Linn:
Oibríonn Acmhainn Chartlainne na hÉireann le cartlanna poiblí agus príobháideacha ar fud oileán na hÉireann.
Liosta Nasc le Stóir Rannpháirteacha
Tá suim againn riamh bualadh le rannpháirtithe féideartha, agus bímid oscailte dó sin i gcónaí, agus bíonn ár n-áisitheoirí ar fáil chun cabhrú le cartlannaí liostaí oiriúnacha tuairisciúla a chruthú le cur san áireamh ar ár suíomh.
Má bhíonn aon cheist agat maidir le bheith rannpháirteach, déan teagmháil linn ag info@iar.ie