Réamhrá:
Tá Acmhainn Chartlainne na hÉireann tiomanta don rochtain ar chartlanna in Éireann a fheabhsú. Is foinse iontach oideachais iad cartlanna. Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí mic léinn ar an eolas faoi acmhainní cartlainne agus oibrímid chun feasacht agus tuiscint ar thaifid chartlainne na hÉireann a chothú i scoileanna agus i measc mac léinn.
Cruthaíonn Acmhainn Chartlainne na hÉireann foilseacháin oideachais go tréimhsiúil, bunaithe ar an oidhreacht shaibhir dhoiciméadach ar oileán na hÉireann. Oibrímid lenár rannpháirtithe chun a gcuid acmhainní a aithint agus a roinnt inár bpacáistí oideachais. Úsáideann na hacmhainní oideachais sin taifid chartlainne chun téamaí agus imeachtaí tábhachtacha i stair an oileáin seo a fhiosrú. Tá siad ceaptha a bheith ina gcéim aistir chun cabhrú le mic léinn acmhainní féideartha a aithint dá gcuid staidéir agus bítear ag súil go mbeidh na scileanna ag mic léinn, na Seirbhísí Cartlann ar tugadh tús eolais dóibh orthu a fhiosrú tuilleadh. Nascann na foilseacháin seo leis an gcuraclam scoile (ó thuaidh agus ó dheas) agus tá siad ar fáil do mhúinteoirí agus do mhic léinn lena n-úsáid sa seomra ranga. Tá na foilseacháin ar fáil le híoslódáil saor in aisce anseo.
Leanaimid de chur lenár n-acmhainní oideachais le himeacht ama.
Tá roinnt cóipeanna clóite ar fáil freisin, déan teagmháil le info@iar.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.