Bunachar sonraí ar líne is ea Acmhainn Chartlainne na hÉireann ina bhfuil cuntais chartlainne inchuardaithe arna sealbhú i Seirbhísí Cartlainne na hÉireann. Níl aon chartlann ná taifead ina seilbh ach cuirtear bealach ar fáil leis an Acmhainn chun cuardach a dhéanamh ar thuairiscí cartlainne ó institiúidí áirithe atá i rannpháirtíocht.
Chun teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Chartlainne is féidir leat leathanach na nasc a úsáid, leathanach ar a n-aimseoidh tú na seoltaí gréasáin do gach Seirbhís Chartlainne atá i rannpháirtíocht.
Ag tús gach cuntais chartlainne gheobhaidh tú ainm na Seirbhíse Cartlainne ina bhfuil an cnuasach arna shealbhú. Cuirtear an nasc le suíomh gréasáin na seirbhíse cartlainne ar fáil ag bun an leathanaigh chomh maith.
Chun cóipeanna de chartlanna a fháil beidh ort teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an tSeirbhís Chartlainne ábhartha. Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh cartlanna agus taifid áirithe faoi réir reachtaíocht chóipchirt.
Chun íomhá a úsáid i bhfoilseachán beidh ort dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Chartlainne ina gcoinnítear í agus a cead a fháil chun an íomhá a atáirgeadh.
Tá dhá bhealach ann chun cnuasaigh cartlainne in Acmhainn Chartlainne na hÉireann a chuardach:
Cuardach Simplí agus Cuardach Casta
Cuardach Simplí:
Tá bosca cuardaigh ann ar an leathanach baile. Agus téarmaí eochairfhocail in úsáid sa chuardach, is féidir leat faisnéis a aimsiú ar chnuasaigh a bhaineann le háiteanna, eagraíochtaí, daoine nó tréimhsí ama áirithe, mar shampla Port Láirge; gorta, Guinness srl.
Cuardach Casta:
Tá sé indéanta cuardach a dhéanamh de réir na nithe seo a leanas
- Eochairfhocal
- Cineál Cnuasaigh – Roghnaigh ó Liosta Anuas de chineálacha cnuasaigh m.sh. Seandálaíocht; Gnó
- Contae – Tabhair faoi deara le do thoil go mbaineann an Contae le hábhar na dtaifead agus ní le láthair fhisiciúil an chnuasaigh.
- Raon Dátaí
- Ainm Stóir: Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar gach iontráil chnuasaigh ó stór áirithe
- Uimhir Thagartha an Chnuasaigh: Má atá uimhir thagartha an chnuasaigh ar eolas agat, is féidir leat cuardach a dhéanamh de réir an eolais seo
Mura bhfuil taifid sa bhunachar sonraí a mheaitseálann le do chritéir chuardaigh fillfear ar an leathanach cuardaigh. Cuirtear ar an eolas thú le líne téacs a bhfuil dath dearg uirthi nach bhfuarthas aon taifead. Ní áirítear in Acmhainn Chartlainne na hÉireann ábhar ó gach Seirbhís Chartlainne in Éirinn. D’fhéadfadh do chuardach a bheith ró-shonrach agus b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr cuardach a dhéanamh le téarmaí níos ginearálta.
Cuirfear, déanann rannpháirtithe cnuasaigh nua a chur isteach chuig an tairseach go rialta.